An Siopa Leabhar
|
I 1983 a osclaíodh siopa leabhar Gaeilge Bhéal Feirste, An Ceathrú Póilí, agus tar éis saol a bhí fánach go leor, d’aimsigh sé baile buan nuair a bunaíodh Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, i 1991. D’fhás an siopa i dteannta phobal labhartha na Gaeilge i mBéal Feirste agus sna sé chontae agus is é ceann den bheagán leabharshiopaí neamhspleácha é a mhair fad le haois seo an tsiopashlabhra. Inniu, coinníonn an siopa an réimse is leithne, cuimsithí leabhar agus áiseanna Gaeilge sa Tuaisceart, mar aon le rogha teideal Béarla ar ghnéithe éagsúla de shaol na hÉireann.  Díolaimid fosta meascán ilfhoinse féiríní, ceardaíochta agus seodra (de dhéantús na háite den chuid is mó) chomh maith leis an chuid is fearr de cheol traidisiúnta na hÉireann, T-léinte agus cártaí Gaeilge/dátheangacha do gach ócáid. Uaireanta Oscailte Luan – Aoine 9:00rn – 5:30in Satharn 9:30rn – 5:30in Domhnach 1:00in – 4:00in Seirbhís seachadta poist ar fáil. Teil: 028 9032 2811 Rphost:
This e-mail address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it
Agus coinnigh súil in airde dár suíomh gréasáin – www.an4poili.com – a rachas ar obair ar ball.
|
|
|
|
|
|
|
|
|