An tEispéireas Gaeltachta
|
Fíorshampla é an tEispéireas Gaeltachta de chultúr traidisiúnta na hÉireann mar a riartar i gCeathrú uirbheach Ghaeltachta Bhéal Feirste é. Bain blaiseadh as béile trí chúrsa Gaelach le tionlacan scoth na gcláirseoirí, déan damhsa le ceol dúchasach, bain taitneamh as amhráin dhiamhra, shíreachta Ghaeilge agus mothaigh aoibheall dhamhsa an chéilí!
Pacáiste é an tEispéireas Gaeltachta a thairgeann duit agus do do bhuíon tráthnóna fíor-Ghaelach bia, damhsa agus taispeántais cheoil agus deis chun páirteachais sna gníomhaíochtaí.
Tosóidh an tráthnóna le béile trí chúrsa ar a mbeidh blas sonrach traidisiúnta. Le linn an bhéile coinneofar ceol breá traidisiúnta leat á sheinm ar an chláirseach ag cláirseoir buaite uile-Éireann. Suigh siar le gloine fíona tar éis an bhéile ag éisteacht le hamhráin agus ceol aosta uirlise le buíon cheoil an tí. Le cuidiú ónar dteagascóir féadann tú uraiceacht an damhsa chéilí a fhoghlaim agus na céimeanna a chleachtadh. Bain taitneamh as fíorscoth an damhsa aonair lenár ndamhsóirí buacacha Gaelacha roimh chóisir amhránaíochta a chuirfeas críoch ar an oíche!
Tá an tEispéireas Gaeltachta ar fáil trí réamháirithint do do ghrúpa agus thig é a oiriúnú do do sceideal imeachta. Glaoigh orainn le háirithint phríobháideach a shocrú nó le fiosrú faoi dhátaí amach anseo. 
|
|
|
|
|
|
|
|
|