english
Cuardach Pointe Turasóireachta An tEispéireas Gaeltachta
An Cheathrú Ghaeltachta

Suite idir Lár Chathair Bhéal Feirste agus Baile Andarsan, síneann an Cheathrú Ghaeltachta thar cheithre bharda de chuid Iarthar Bhéal Feirste, ina measc Na Fálta agus An Charraig Bhán na staire. Tarraingíonn an Cheathrú ar a láidreachtaí traidisiúnta teanga agus cultúir le heispéireas turasóireachta agus ealaíon Gaeilge a chur chun tosaigh. Seasann an Cheathrú Ghaeltachta do shraith úr glórtha sa chathair, agus is ionad samhlaíochta, tionscnaimh agus éachta í. Agus mar gach glór, tá sé ann le nascadh le glórtha eile, le ceangal sa chraic, le focail a chur i ngníomh agus le gnéithe dár saol laethúil a dhéanamh suntasach agus fiú ina leacht cuimhneacháin. Seo leat agus bí linn tamall chun suilt i measc daoine atá maíte as a bhfáilteachas agus a dteacht aniar.