Dánlann Dillon, a ainmníodh as ealaíontóir iomráiteach Bhóthar na bhFál Gerard Dillon, is áit í a chaithfeas gach cuairteoir ar Chultúrlann McAdam Ó Fiaich a fheiceáil. Tarraingíonn an Dánlann aird na n-ealaíontóirí is breátha ó i ngar agus i gcéin le taispeántais ardchaighdeáin a athraíonn go rialta. Bíonn an Dánlann páirteach i scéim Ealaíon Tráthnóna Beag, a reáchtálann Comhairle Cathrach Bhéal Feirste. Ar chéad Déardaoin na míosa fanann an Dánlann, chomh maith le dánlanna eile poiblí sa chathair oscailte go dtí 9:00in agus is stad é ar an Turas Bus Ealaíon. Tá tuilleadh eolais agus ticéid ar fáil ó belfastgalleries.comBhí Dánlann Dillon ina hóstach ag cuid de na healaíontóirí náisiúnta agus idirnáisiúnta is breátha, ag soláthar ardáin do thallann na háite chomh maith leis na hainmneacha is fearr aithne. Taispeántar péintéireachtaí, priontaí, baiticí, dealbhóireacht agus tuilleadh, agus beidh deis i gcónaí ag an chuairteoir chun na Cultúrlainne féirín nó cuimhneachán uathúil a cheannach ba luachmhar leo lena saol. Fáiltímid roimh ealaíontóirí le gabh i dteagmháil linn le taispeántais fhéideartha a phlé. Ó bhíonn aird ar ár ndánlann ag an phreas, eagrais ealaíne agus suíomha gréasáin chur ar aghaidh, is deis iontach ag ealaíontóir ar bith Dánlann Gerard Dillon. Cinntíonn úsáid mhinic na Dánlainne i gcomhair imeachtai Cultúrlainne agus poiblí an nochtadh dearfach is mó is féidir. Iarraimid ar thaispeántóiri ionchais CV agus íomhánna a léiríonn go cruinn 3 phíosa ábhair ar a laghad ón taispéantas beartaithe. |