english
Cuardach Pointe Turasóireachta An tEispéireas Gaeltachta
Media & Community Hub
Ar Dhara hUrlár na Cultúrlainne tá rogha d’eagrais chónaithe Ghaeilge, agus a gcuid tallannacha agus saineolais féin á dtabhairt acu go dtí an Cheathrú Ghaeltachta agus don eispéireas Cultúrlainne. Cuireann gach ceann de na heagrais seo le clú na Cultúrlainne mar leaba dhearg d’idéanna agus don phobal.

I mol na meán tá Raidió Fáilte, stáisiún raidió pobail Bhéal Feirste. Ag craoladh 24 uair sa lá agus ar 107.1FM agus ar a shuíomh gréasáin raidiofailte.com, tá Raidió Fáilte ar cheann de dhea-scéalta rathúla na Cultúrlainne le cláir ghairmiúla a shroicheann lucht éisteachta domhanda trí mheán na Gaeilge.

Léirithe Tobar Productions, an chuideachta léirithe teilifíse ba chúis le Deis Roc agus Cósta Uí Chatháin, tarraingíonn siad ar atmaisféar cruthaitheach na Cultúrlainne le cuid de na sraitheanna, na scannáin agus na cláir faisnéise is breátha a léiriú do TG4 agus do stáisiúin eile.

Ar an Dara hUrlár fosta tá POBAL, an scátheagras thar ceann phobal na Gaeilge. I 1998 a bunaíodh é, agus tá aitheantas náisiúnta agus idirnáisiúnta ag POBAL as a shaothar abhcóideachta i reachtaíocht Ghaeilge, i gearta agus i ndea-chleachtas agus as a thacaíocht straitéiseach do phobal na Gaeilge. Cuireann POBAL ar fáil treoir straitéiseach agus fóram daonlathach do réimse leathan eagras Gaeilge.

Is í Aisling Ghéar aon chompántas gairmiúil amharclainne Éireann a shaothraíonn go lánaimseartha le scoth na seónna a sholáthar sa Ghaeilge agus is é an compántas cónaithe amharclainne é i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich. Déanann an compántas dhá nó trí léiriú sa bhliain, rinne sé a chéad léiriú ar ardán na Cultúrlainne agus thug a chuid léirithe fud fad na hÉireann.

Carthanas cláraithe é TACA a thiomsaíonn airgead leis an teanga Ghaeilge a chur chun cinn. I mBéal Feirste a bunaíodh TACA 15 bliain ó shin chun tacú leis na Gaelscoileanna a bhí ag teacht chun cinn. Sa tréimhse sin, chruinnigh sé breis agus £800,000 a tugadh do thograí Gaeilge ar fud an Tuaiscirt a bhí i ndeacair.

Media and Community