english
Cuardach Pointe Turasóireachta An tEispéireas Gaeltachta
Ballraíocht

Ligeann ár scéim ballraíochta duit agus do d’eagras cuidiú linn inár gcuid oibre. Rachaidh gach tabhartas go mór chun tairbhe le forbairt ár meascán uathúil teanga, cultúir agus ealaíon a chinntiú. Ba tairbhse duitse fosta roinnt solamar a bhaineas lenár mballraíocht.
 

Ar thabhartas seasta nó ráthaíocht ar íocaíochtaí míosúla leis an Chultúrlann, gheobhaidh na baill uilig prionta eagráin theoranta i bhfráma den teideal ‘Muir’ leis an ealaíontóir iomráiteach Robert Ballagh. Níl an prionta seo ar fáil ach ó Chultúrlann McAdam Ó Fiaich. Prionta den chaighdeán is airde é a léiríonn go beacht ton na mbunmheán; ola ar chanbhás le cré-umha airgeadphlátáilte ar phainéal scátháin. Tá gach prionta gléasta go gairmiúil i bhfráma tarraingteach lámhdhéanta.

 
Tá eolas cheana féin ag a lán daoine ar shaothar Robert Ballagh. Ba é Robert a dhear seiteanna Riverdance, an tsraith deiridh nótaí puint roimh an euro, stampaí poist agus tuilleadh. As Baile Átha Cliath ó cheart é, ceangal le fada aige le bunadh Bhéal Feirste agus bhí páirt aige i bpéintéireacht múrphictiúr in Iarthar na Cathrach. Ball é d’Aosdána, cuideachta d’ealaíontóirí cruthaitheacha in Éirinn.
 
Ná bíodh leisce ort dul i dteagmháil linn a fhiosrú ballraíochta nó a bhronnadh tabhartais.
.