|
Comhghairdeas le Doimnic Mac Giolla Bhríde |
|
|
|
Nuacht
|
|
Gabhann Coiste agus Foireann na Cultúrlainne, gabhainn muid comhghairdeas le Doimnic Mac Giolla Bhríde, Stiúrthóir Chór Loch Lao (Cór na Cultúrlainne) a bhuaigh Corn Uí Riorda ag Oireachtas na Gaeilge 2009. Is é Corn Uí Riorda an gradam is mó clú ó thaobh an cheoil ar an tsean-nós de a bhronntar go bliantúil ag an Oireachtas.
Glacann Doimnic rang seachtainiúil ar amhránaíocht ar an tsean-nós i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich gach Déardaoin ag 6:00in agus bíonn cleachtadh ag Cór Loch Lao an oíche chéanna ag 7:00in. Bhuaigh Cór Loch Lao dhá ghradam i mbliana ag an Fhéile Phan-Cheilteach chomh maith. Tá fáilte roimh bhaill úra i gcónaí ag an rang agus ag an Chór. Cá bhfios nach bhfuil a tuilleadh gradam i ndán don chaidreamh ceolmhar seo!
|
|
|
|