|
Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, i gcroílár an Cheathrú Ghaeltachta ar Bhóthar na bhFál Bhéal Feirste, is í Eispéireas Gaeilge Bhéal Feirste í, teach aitheantais ina dtig leat teagmháil le muintir na háite agus dul i dtaithí ar chultúr na Gaeilge, ach fosta, ag brath ar an rud is spéis leat, is ionad fuinniúil ealaíon í, ionad don cheol traidisiúnta, pointe eolais turasóireachta, caifé, áit a gceannófá obair cheardaíochta nó leabhair, áit a bhfoghlaimeofá Gaeilge nó a dtógfá caithimh úra aimsire, a gcasfaí ort cairde úra nó a gcuirfeá focal ar thuras, áit a mbeifeá ag maíomh as d’oidhreacht nó a bhfiosrófá cultúr na hÉireann. Tá Cultúrlann suite i sean-Eaglais Phreispítéireach an Bhealaigh Leathain. In 1896 a tógadh an foirgneamh, agus rinne sé freastal ar a phobal go dtí 1982. Bhí an eaglais ina háras fosta ag Lóiste Dílis Oráisteach uimh. 824, agus tá cuimhne go fóill ag cuid de phátrúin an lae inniu ar mhórshiúlta Oráisteacha ag teacht is ag imeacht fá fhoirgneamh láithreach na Cultúrlainne.  Má ba lag an tosach i 1991, nuair a osclaíodh Cultúrlann le slí a dhéanamh do Ghaelscoil dara leibhéal le naonúr dalta, bhí an t-ionad ó shin ina chlár spreagtha ag a lán tionscnamh agus fiontar Gaeilge a leath ar fud an cheantair gur chruthaigh siad Ceathrú Ghaeltachta Bhéal Feirste an lae inniu, a bhfuil a ceanncheathrú anois lonnaithe ann. An mheánscoil Ghaeilge is Coláiste Feirste anois í, suite ag Ard na bhFeá le breis agus 600 dalta ar an rolla. Ar eagrais eile a bhí lonnaithe ann bhí Lá/Lá Nua, Gaeloiliúint agus Comhairle na Gaelscolaíochta. Inniu, cuireann an t-ionad ar fáil clár lán imeachtaí ealaíon feadh na bliana agus is é an baile fosta é ag Caifé Feirste, an pointe eolais turasóireachta Oifig Fáilte, amharclann Shiobhán McKenna, Dánlann Dillon, Raidió Fáilte, siopa leabhar/ceardaíochta An Cheathrú Póilí, an compántas drámaíochta Aisling Ghéar, POBAL, an scátheagras thar ceann na n-eagras Gaeilge, Taca a thacaíonn leis an Ghaeloideachas agus Tobar, cuideachta léirithe teilifíse. Ceárta oibre, le breis agus leathchéad duine fostaithe ann, bíonn Cultúrlann ag cur go suntasach le geilleagar Iarthar Bhéal Feirste. Ainm an ionaid, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, dúisíonn sé cuimhne ar an chion ollmhór d’athbheochan na teanga a rinne Robert Shipboy McAdam, fear gnó Preispitéireach sa 19ú haois agus Tomás Ó Fiaich, scoláire Gaeilge den 20ú haois ón traidisiún Caitliceach. Ba de chroílár éiteas an ionaid seo riamh meon neamhpholaitiúil, neamhspleách ar mór leis ár dteanga agus ár gcultúr mar chuid de chomhoidhreacht iomlán na ndaoine. Ba é an mana oscailte, fáilteach seo a thuill a clú do Chultúrlann mar phota leáite na gcultúr agus leaba dhearg idéanna agus nuála. Tá an lá geal amach romhainn agus muid ag beartú Dánlann úr saintógtha Dillon le fairsinge léirmhínitheach a chuirfeas clár amharcealaíon Cultúrlainne go daingean ar an léarscáil agus a dhéanfas ráiteas láidir fá dtaobh de shaibhreas cultúrtha na dúiche seo.  Mura dtug tú cuairt cheana féin ar Chultúrlann, déan cineál ort féin. Lig do scíth sa chaifé, caith súil ar stór leabhar an tsiopa agus fiosraigh clár na n-ealaíon. B’fhéidir go mbéarfá leat cuimhneachán nó bunphíosa ealaíne ó cheann dár gcuid taispeántas rialta, scéal cinnte go mbéarfaidh tú leat mothú caoinfháilte beophobail i dteagmháil a bhfuil an Gaelcheantar cathrach is láidre in Éirinn cruthaithe acu. Ag labhairt le déanaí, rinne Éamonn Ó Cuiv TD achoimre ar nádúr fiontrach agus ceannródaíoch Chultúrlann McAdam Ó Fiaich, ag moladh áis den chineál céanna do gach baile mór ar fud Éireann:
“Tá tréan dianoibre gan amhras curtha isteach ag pobal Bhéal Feirste i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar Bhóthar na bhFál, agus is dó sin a bhfuil mé ag tagairt, teach aitheantais ina gcasfaí ort daoine agus a lán seirbhísí pobail Gaeilge ar tairiscint ann.”
|