|
Amharclann Shiobhán Nic Cionnaith, ar an chéad urlár sa Chultúrlann, óstálann sí sceideal gnóthach beo-imeachtaí. Le suíochánra intarraingthe amharclainne do 120, tá an spás an-ilfheidhmiúil agus ceadaíonn sé ar bhonn rialta ceolchoirmeacha, céilithe, drámaí, cineama, cruinnithe, comhdhálacha, léachtaí agus tuilleadh. Leis an trealamh is fearr fuaime agus soilsithe, meallann An Chultúrlann ainmneacha móra thionscal na siamsaíochta agus réaltaí éiritheacha an lae amárach. Mar spás cabaret, óstálann an amharclann ar bhonn rialta scoth an cheoil thraidisiúnta agus chomhaimseartha, rud a éascaíonn dlúthchaidreamh neamhfhoirmiúil lucht éisteachta/oirfidigh. Mar amharclann boutique, d’óstáil an Chultúrlann an chuid is breátha den dráma Éireannach agus idirnáisiúnta. Dearbhaíonn an compántas cónaithe Aisling Ghéar agus a lán compántas siúil clú na Cultúrlainne mar áras Bhéal Feirste na drámaíochta Gaeilge. Is í an Amharclann s’againn fosta áit chónaithe Chór Loch Lao, Cór Gaeilge Bhéal Feirste. Cleachtann an cór gach seachtain san amharclann agus is minic a chan siad sa Chultúrlann agus ina lán ionad eile. Tá an amharclann againn ar fáil ar rátaí an-iomaíocha don imeacht s’agatsa. Is é an t-ionad foirfe é do chomhdháil, léacht, le scannán a thaispeáint, do chóisir bhreithlae páistí le preabchaisleán, do sheoltaí albam, cheadail agus a lán eile. Thig linn fosta lónadóireacht an imeachta a sholáthar! Cuir scairt, le do thoil (+44 28) 9096 4180 a fhiosrú infhaighteachta agus áirithintí. Sonruithe: Mion-Mhórphianó Pianó Leictreach Fuaimchóras 32 Cainéal Córas Soilsithe Amharclainne 24 Cainéal Trealamh teilgthe & scáileán
|