Oifig Fáilte
|
Ó bunaíodh in 2000 í, is í ‘Oifig Fáilte’ nó an Pointe Turasóireachta ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich an príomhphointe i gcomhair eolais do chuairteoirí in Iarthar Bhéal Feirste. Cuirimid ar fáil an t-eolas agus na seirbhísí uilig a theastaíonn ón chuairteoir. Tá an Pointe Eolais suite ar an bhunurlár in aice leis an Chaifé plean oscailte agus an siopa leabhar agus féiríní agus cinntíonn sé eispéireas an-phléisiúrtha taitneamhach turasóireachta. Ar an iomad seirbhísí a chuireann an Pointe Eolais ar fáil tá: - Cúnamh in aimsiú agus áirithint cóiríochta cuí
- Socrú taistil
- Eolas ar nithe is díol spéise in Iarthar Bhéal Feirste, i Mórcheantar Bhéal Feirste agus níos faide amach
- Eolas agus ticéid do na himeachtaí uilig ag an Chultúrlann, d’Fhéile an Phobail agus dá lán imeachtaí eile ar fud Bhéal Feirste
- Eolas agus ticéid do thurais i mBéal Feirste, go Clochán na bhFómharach agus nithe eile is díol spéise
- Ticéid do shiúlóidí
- Léarscáileanna, bileoga agus treoirleabhair
- Stampaí
- Eolas ar phais agus ar fhoirmeacha
- Seirbhísí stórála bagáiste
- Rochtain idirlín WiFi
…agus cuid mhór mhór eile! Gabh isteach nó scairt ar Oifig Fáilte : (+44 28) 9096 4180
This e-mail address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it
|
|
|
|
|
|
|
|
|